Tá a shaoirse ag Andy agus filleann sé ar Ros na Rún le tuilleadh dochair a dhéanamh.
Ní hí ceist mhór Mhalachaí an chloch is mó ar phaidrín Frances inniu.
Tá Dee bréan de Mack, John Joe agus Katy agus socraíonn sí go bhfuil sí níos fearr as dá n-uireasa.
Suíonn Tadhg agus Áine cois leapa ag Frances, ag guí go ndúiseoidh sí.
Filleann Áine agus Tadhg ón ospidéal agus iad croíbhriste.
Creideann O'Shea gurb é Andy ba chúis le bás Frances agus tá sí ag iarraidh é a ghabhadh.
Tá George croíbhriste agus feargach nach raibh sé de mheas ag Tadhg a insint dó faoi bhás a iníne.
Tá Malachaí fós ag rá le daoine go raibh sé féin agus Frances geallta.
Cailleann Tadhg an cloigeann le Malachaí os comhair an tslua ag tórramh Frances.
Insíonn Michelle an fhírinne do Rory faoin méid a tharla idir í féin agus Andy.
Tá a dóthain ag Berni den chaint atá ag Briain ar pháistí.
Tá Mack ag iarraidh teagmháil a dhéanamh le Dee.
Féachann Mack, le cabhair Sonia agus fógra poiblí, le teacht ar Dee agus Bláithín
Féachann Caitríona le Mack a chosaint ó iriseoir ach scaoileann sí an iomarca eolais agus í á dhéanamh.
Baintear siar as Mack é nuair a fheiceann sé an méid atá scríofa faoi sa pháipéar.
Bíonn Áine croíbhriste nuair a fhoghlaimíonn sí an fhírinne faoi cé leis Jay
Beartaíonn Mack ar agallamh amháin eile a dhéanamh chun a ainm a ghlanadh.
Tá Emma spréachta i ngeall ar an gcion mór a bhí ag Rory ar Michelle agus tá sí ag diúltú dul ar ais leis
Bíonn Briain trína chéile nuair a admhaíonn Berni nach bhfuil sí ag iarraidh páiste a bheith aici leis.
Éiríonn le Malachaí amhras a chruthú faoi Thadhg
Creideann O'Shea go bhfuil ceangal idir an cárta creidmheasa goidte, an CCTV glanta agus dúnmharú Frances
Tá imní ar Chaitríona go gcuirfear an milleán uirthi faoi bhás Frances.
Tá Rory ar buile le Malachaí mar gur thug sé fáinne a mháthar d'Áine agus tá sé ag iarraidh é a fháil ar ais uaithi.
Tá Tadhg cinnte gurb é Rory ba chúis le bás Frances agus níl uaidh ach go bhfiosróidh O'Shea é.
Tá Áine ag streachailt leis na teachtaireachtaí gránna atá a bhfáil aici.
Tá O'Shea ag iarraidh labhairt le Briain agus tagann cantal uirthi nuair a fhoghlaimíonn sí go bhfuil sé imithe.
Tá O'Shea gortaithe agus tá cabhair ag teastáil go géar uaithi tar éis di an oíche a chaitheamh i seid Chóilí Jackie.
Tá ionadh agus áthas ar Niall a sheanchara Luke a fheiceáil i Ros na Rún.
Ceapann Tony nach mbeidh stró ar bith air teacht ar an té a mharaigh Frances ó tharla nach bhfuil O'Shea ar fáil.
Tá déistin ar Laoise go bhfuil clinic chosmaideach le hoscailt ag Emma i Ros na Rún.
Tá lagmhisneach ar O'Shea agus tá sí réidh anois an fiosrúchán a chaitheamh in aer.
Bíonn David trína chéile nuair a thuigeann sé gur ag codladh amuigh a bhí Rónán
Tá ainm Thaidhg glanta agus ba cheart go mbeadh sé sásta, ach níl.
Tá an iomarca aird ag Mo ar Thadhg agus ar Áine, rud a chuireann isteach ar Cholm
Tá sé ráite ag Caitríona go ngabhfaidh sí ag siopadóireacht in éineacht le Bobbi Lee agus Berni.
Tá imní mhór ar Cholm faoi thromluithe Mo.
Tá an méid atá inste ag Mo do Cholm ag cur as go mór dó
Ní mó ná sásta atá Michelle faoi ghnó nua Emma.
Tá Mo cinnte nár cheart di féin agus Colm Ros na Rún a fhágái.
Beartaíonn Caitríona tuilleadh eolais a fháil ar an gceangal atá idir Laoise agus Emma.
Caitheann Tadhg aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne nuair a fhaigheann sé amach go bhfuil bulaíocht á déanamh ar Áine
Níl a fhios ag Berni ar cheart do Bhriain vaiseachtóime a bheith aige.
Bíonn Laoise le ceangal nuair a fhaigheann sí amach go bhfuil bealach nua ag Emma le bac a chur lena plean gnó meala.
Tá Laoise leagtha amach ar fhíor-phearsantacht Emma a nochtadh.
Tugann Laoise drochscéala do Chaitríona rud a chuireann as go mór di.
Nochtar rún Vince ach tá sé dóchasach go maithfidh Caitríona dó é.
Beartaíonn Caitríona a béal a choinneáil dúnta faoin achrann le Vince.
Tá Pádraig fós ag fanacht ar scéal ó Dan a bhí in ainm a bheith ar ais as Glaschú uaireanta an chloig ó shin.
Faigheann Áine amach gur fhan Sally le Peatsaí agus Tadhg as baile. An gcoinneoidh sí a rún?
Ní fada go bhfeiceann Michelle agus Sorcha go bhfuil Pádraig agus Dan an-tógtha lena chéile.
Tá Briain ar buile gur inis Sorcha gach rud do Michelle. An bhfuil Sorcha i gcontúirt?
Faigheann Bobbi Lee litir bhagrach ó Andy ach níl sí ag iarradh dada a rá leis na Gardaí ar eagla go gcuireadh sí Niall i gcontúirt.
Bíonn Pádraig sásta nuair a thuigeann sé nach bhfuil clú ag Sam faoina chaidreamh le Dan