Home / Series / Faoi Bhláth / Aired Order /

All Seasons

Season 1

  • S01E01 Episode 1

    • February 14, 2022
    • RTÉ One

    Sa chlár seo, déanfar iniuchádh ar chuid luachmhar d’oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha na hÉireann – na fálta sceach. Tá na fálta sceach níos tábhachtaí sa lá atá inniu ann agus mar a bhí riamh, agus iad ina líonraí nádúrtha don fhiadhúlra. Sa chlár seo, fiosróidh Aedín Ní Thiarnaigh ról na bhfálta sceach i ndúlra na hÉireann agus foghlaimeoidh sí faoi na bláthanna agus plandaí fiáine a bhfásann iontu.

  • S01E02 Episode 2

    • February 21, 2022
    • RTÉ One
  • S01E03 Episode 3

    • February 28, 2022
    • RTÉ One

    Sa chlár seo tugtar aghaidh chun na spéire agus iniúchadh á dhéanamh ag Aedín Ní Thiarnaigh ar an ghnáthóg is airde in Éirinn - na sléibthe.

  • S01E04 Episode 4

    • March 7, 2022
    • RTÉ One

    Sa chlár seo, tugtar aghaidh ar ghnáthóg a bhí fliúrseach tráth ach atá anois imithe in éag ar fud na tíre – an móinéar traidisiúnta. Téann Aedín Ní Thiarnaigh go pócaí iargúlta faoin tuath le teacht ar an ngnáthóg ársa seo agus ar na bláthanna fiáine a bhfásann ann; an Gliográn, an Nóinín, an Mhínscoth agus an Bainne bó Bleachtáin.

  • S01E05 Episode 5

    • March 14, 2022
    • RTÉ One

    Sa chlár seo, dírítear ar cheann de na gnáthóga is cáiliúla in Éirinn i dtaobh na bplandaí eisceachtúla a bhfásann inti; an ghnáthóg aolchloiche. Fiosraíonn Aedín Ní Thiarnaigh faoi na plandaí is coitianta a fhásann sa ghnáthóg creagach uathúil seo agus foghlaimíonn sí faoi mar a théann na plandaí i ngleic leis an tírdhreach lom, sceirdiúil. Déantar iniúchadh ar an Magairlín Meidhreach, an Ruithéal Rí, an Sú Talún Fiáin agus an t-Aiteall.

  • S01E06 Episode 6

    • March 21, 2022
    • RTÉ One

    Sa chlár seo tugann Aedín Ní Thiarnaigh aghaidh ar chuislí na hÉireann; na haibhneacha. Is cois abhann a fhásann cuid de na bláthanna fiáine is aitheanta atá againn; Cam an Ime, Trom, Léine Mhuire agus Grán Arcáin. Déanann Aedín iniúchadh ar an seanchas agus ar na cuimhní cinn a bhaineann leis na bláthanna coitianta seo agus foghlaimaíonn sí faoi na húsáidí éagsúla gur féidir a bhaint astu.

  • S01E07 Episode 7

    • March 28, 2022
    • RTÉ One

    Sa chlár seo téann Aedín Ní Thiarnaigh sa tóir ar na bláthanna a fhásann ar thalamh garbh; paistí talún tréigthe ina mbíonn cead a gcinn ag na plandaí fiáine. Ar chuid de na bláthanna is aitheanta ann tá an tSeamair Dhearg, an Phraiseach Bhuí, Lus na gCnámh Briste agus an Buaflíon Balla.

  • S01E08 Episode 8

    • April 4, 2022
    • RTÉ One

    Sa chlár seo, téann Aedín Ní Thiarnaigh sa tóir ar sheanfhothracha; reiligí agus áiteanna uaigneacha eile ina bhfuil cead a gcinn ag na bláthanna fiáine. I dteannta an Dr Amanda Browne, foghlaimíonn Aedín faoin gCluas Chaoin, bláth nimhneach, coitianta a bhfuil cleachtas cliste aige chun feithidí a mhealadh agus a bhfuil an iliomad ainmneacha suimiúla air sa Ghaeilge.

  • S01E09 Episode 9

    • April 11, 2022
    • RTÉ One

    Sa chlár seo déanann Aedín Ní Thiarnaigh iniúchadh ar na bláthanna fiáine a fhásann ar thaobh an bhóthair agus cuirtear spotsholas ar cheann de na bláthanna is fliúrsí agus is conspóidí sa tír, an caisearbhán.

  • S01E10 Episode 10

    • April 18, 2022
    • RTÉ One

    Sa chlár seo tarraingíonn láithreoir Aedín Ní Thiarnaigh a buataisí báistí uirthi agus tugann sí aghaidh ar an mbogach, talamh uisceach na hÉireann. Díríonn sí ar chuid de na bláthanna fiáine is suimiúla a fhásann i dtalamh fliuch agus foghlaimíonn sí faoi na húsáidí ar féidir a bhaint astu agus faoin seanchas a mbaineann leo.

  • S01E11 Episode 11

    • April 25, 2022
    • RTÉ One
  • S01E12 Episode 12

    • May 2, 2022
    • RTÉ One
  • S01E13 Episode 13

    • May 9, 2022
    • RTÉ One