Sa chlár seo, téann Aedín Ní Thiarnaigh sa tóir ar sheanfhothracha; reiligí agus áiteanna uaigneacha eile ina bhfuil cead a gcinn ag na bláthanna fiáine. I dteannta an Dr Amanda Browne, foghlaimíonn Aedín faoin gCluas Chaoin, bláth nimhneach, coitianta a bhfuil cleachtas cliste aige chun feithidí a mhealadh agus a bhfuil an iliomad ainmneacha suimiúla air sa Ghaeilge.