Home / Series / Rúin na bPortach / Aired Order /

All Seasons

Season 1

  • S01E01 Misteir na Mona

    • January 21, 2024
    • BBC Two

    Ó ghlao an charria ar Inse Ghall na hAlban go heachtraí mistéireacha ar phortaigh na hÉireann, fiosraíonn Cormac Ó hÁdhmaill tionchar cultúrtha na dtailte portaigh agus an fiadhúlra neamhghnách atá le fáil iontu. Buaileann Cormac leo siúd atá ag obair ar son thionscal na móna san Fhionlainn agus cluinimid ó fhear as an Ísiltír a bhí i mbun feachtas chun bogaigh na hÉireann a tharrtháil.

  • S01E02 Stór na Staire

    • January 22, 2024
    • BBC Two

    Scrúdaíonn Cormac Ó hÁdhmaill an tionchar a bhí ag na bogaigh agus na tailte portaigh ar an stair agus caitheann sé súil ar iarsmaí na staire atá caomhnaithe acu. Téann Cormac chun na Fionlainne le tuilleadh a fhoghlaim faoin tionchar a bhí ag imeachtaí domhanda orthu siúd atá ag obair i dtionscal móna na tíre. Buailimid le heolaithe i mBaile Átha Cliath atá ag baint oideas as béaloideas an bhogaigh. Agus labhraíonn Eamonn Ned Kelly ar ár sinsir san Iarannaois atá caomhnaithe ag an mhóin.

  • S01E03 An Fód a Sheasamh

    • January 23, 2024
    • BBC Two

    Buaileann Cormac leo siúd atá ag plé le todhchaí na mbogach agus na dtailte portaigh in Éirinn agus ar fud an domhain. I gCeanada, taispeánann Line Rochefort, saineolaí domhanda ar athshlánú portaigh, na modhanna atá aici sfagnam a athchur. Cluinimid faoin tionchar millteanach atá ag an sciorradh talún agus tugaimid cuairt ar chathair san Ísiltír atá ag dul i dtalamh.