Is i bhFear Manach atá Cormac do chéad eagrán na sraithe, áit a dtugann sé cuairt ar thithe tréigthe shaighdiúirí WWI. Fiosraíonn sé seanPhríosún Ard Mhacha agus téann sé go caisleán ársa dearmadta ar oileán i gCo. an Chabháin. Déanann Ciarán Mackel, ailtire, athchóiriú Ebrington Barracks i gcathair Dhoire a mheas.
Go sráidbhaile bánaithe i gCo. Dhún na nGall, agus go folcadáin phoiblí atá ag titim as a chéile i mBéal Feirste a théann Cormac sa chlár seo lena scéalta a nochtadh. Tá Ciarán ag díriú ar scoil ar Bhóthar na bhFál a mbeidh saol úr aici.
Tugann Cormac cuairt ar staisiún traenach thréigthe sna Glinntí, ballóga seanmhuilinn, agus teach solais bánaithe amach ó chósta Latharna. Fiosraíonn Ciarán Mackel todhchaí Riddel’s Warehouse clúiteach i mBéal Feirste.