Tá níos mó ná 160,000 duine fostaithe san earnáil tógála in Éirinn, feicfear cuid de na daoine sin i mbun oibre ar fud na tíre sa tsraith seo. Sa chéad chlár feicfear Pádraig Folan agus a mheitheal oibre ag obair i gCarna i gConamara, beidh Townmore Construction ag tógáil árasán i nDomhnach Míde agus feicfear Tomás Breathnach ag tógáil a theach féin sa Rinn.
Tá an tógálaí Tomás Breathnach ag fanacht ar uallach blocanna ICF sa Rinn agus tá meitheal Build Right i Muineachán ag fáil faoi réir teach modúlach a chur chun bealaigh. Tá an bainisteoir láithreáin Kevin ag cinntiú go bhfuil chuile shórt ceart i nDomhnach Míde agus tá Pádraig Folan agus a mheitheal oibre ag obair leo sna Forbacha.
Tugtar léargas ar an earnáil tógála in Éirinn sa tsraith seo. Tá Freddie Ó Loingsigh ag tógáil garáiste nua do Pheadar Ó Riada i mBaile Bhuirne. Tá imní ar Dave Fingleton faoi mhéid an umair uisce atá le cur isteach aige do Florent i Laois agus tá Tomás ag cur tús lena chuid oibre ar theach tábhairne i bPort Láirge.