Is in Havana a chuirfidh Hector tús lena aistear sa Mhuir Chairib agus feicfidh sé an fás agus forbairt atá tagtha ar an gcathair seo. Buailfidh sé leis an gceoltóir snagcheoil Bobby Carcassés agus gheobhaidh sé blaiseadh de cheol Chúba. Feicfidh sé mar a dhéantar todóga agus rachaidh sé ag spaisteoireacht timpeall Havana. Hector kicks off his Caribbean adventure in Havana, where he learns of this vibrant city's transforming economy and fledgling small business scene. He meets the legendary jazz musician Bobby Carcassés.
Téann Hector amach faoin tuatha i gCúba áit a bhfeiceann sé cultúr agus tionscail na háite. Buaileann sé isteach go cumann dornálaíochta agus feiceann sé an aos óg i mbun traenála agus mar a oibríonn córas oideachais na tíre. Caitheann Hector seal ag obair le grúpa fir atá ag déanamh 'carbón'. In this episode, Hector ventures into the Cuban countryside, where he explores local traditions and industries. He visits the country's premier boxing club to learn how Cuba is training a new generation of champions.
Tugann Hector aghaidh ar Iamáice agus faigheann sé blaiseadh de chultúr na tíre. Téann sé chuig carnabhal Kingston ar dtús chun píosa spraoi a bheith aige agus buaileann sé le Shelly-Ann Fraser-Pryce a ghnóthaigh bonn óir ag na Cluichí Oilimpeacha faoi dhó. Casfaidh sé le pobal dúchais Cockpit Country freisin ach ar ndóigh ní fhéadfaí cuairt a thabhairt ar Iamáice gan pionta a ól ar Treasure Beach nó súil a chaitheamh ar fheirm cannabais. This week, Hector immerses himself in the wonderful culture of Jamaica, beginning with a visit to Kingston's carnival, where he revels in the island's festive spirit and vibrant culture.
Tugann Hector aghaidh ar an bPoblacht Dhoiminiceach agus faigheann sé blaiseadh de shaol ilchultúrtha na tíre sin. Ar dtús tugann sé cuairt ar chumann daorchluiche go bhfeicfidh sé ceann de na spóirt is mó imrítear sa Phoblacht Dhoiminiceach. Ansin faigheann sé blaiseadh de cheol 'son' agus déanann sé féin cúpla steip! Téann Hector go feirm plantáin go bhfeicfidh sé ceann de na torthaí is mó a itear sa Mhuir Chairib ag fás. Ar deireadh tugann sé aghaidh ar an teorainn le Háítí áit a bhfeiceann sé na céadta daoine ag díol is ag ceannach ag an droichead idir an dá thír. This week, Hector gets to grips with the multicultural influences of life in the Dominican Republic, starting with a visit to a local baseball club, a cornerstone of Dominican life.
Is i bPórtó Ríce a bheidh Hector an tseachtain seo. Faigheann sé blaiseadh de bhia na háite agus feiceann ealaín sráide sa bpríomhchathair San Juan. Tugann sé cuairt ar chúirt cispheile agus ar fheirm anainn, an príomhchomhábhar i piña colada. Faigheann Hector amach faoi chúrsaí ceoil ar an oileán freisin, idir reggaetón, an t-amhrán "Despacito" agus an ceoltóir Bad Bunny tá oidhreacht shaibhir cheoil le fáil ar an oileán seo. In this episode, Hector samples the tasty delicacies of Puerto Rico and explores the island's vibrant street art scene in the bustling capital of San Juan.
Sroicheann Hector oileán Antigua. Tugann sé cuairt ar fhoireann chruicéid na hIndiacha Thiar agus iad ag fáil faoi réir don Chorn Domhanda. Castar an Hells Gate Steel Orchestra air agus beireann sé ar roc ga nimhe sa Mhuir Chairib. Ansin tugann Hector aghaidh ar Mhontsarat, nó Oileán Iathghlas an Mhuir Chairib mar a thugtar air agus feiceann sé bolcán Soufrière Hills a bhrúcht in 1995 agus a rinne léirscrios sa gceantar. Fiosraíonn Hector an ceangal atá ag an oileán le muintir na hÉireann agus tugtar léargas dó ar thrádáil na sclábhaithe. This week Hector lands on the island of Antigua. He checks out the West Indies Cricket Team who are getting ready for the World Cup, he joins in with the famous Hells Gate Steel Orchestra and lifts a stingray in the Caribbean Sea.
Tá ceann scríbe bainte amach ag Hector agus cuireann sé deireadh lena thuras mórthimpeall Mhuir Chairib ar Oileán na Tríonóide agus Tobága. Buaileann Hector leis an seaimpín Oilimpeach Keshorn Walcott, téann sé amach ar an Caroni Swamp le Allister Nanan agus téann sé ag iascaireacht amach ó Chósta Tobága. Tugann Hector aghaidh ar Grand Riviere is an ghrian ag dul faoi agus feiceann sé turtair droimleathair chun clabhsúr a chur ar a thuras. After many weeks of travelling Hector's trip through the Caribbean comes to an end as he lands in Trinidad and Tobago. He links up with Keshorn Walcott, heads out on the Caroni Swamp and goes spearfishing off the coast of Tobago.