Is i Ros Comáin a bheifear sa gclár seo, cuireann Pauline réimse breá ceoltóirí agus amhránaithe cumasacha i láthair, beo ón Kings House i Mainistir na Búille. Beidh na laochra ceoil Matt Molloy agus John Carty ag seinm agus déarfaidh Pauline leagan tochtmhar den amhrán Gortnamona. Beidh grúpa ar leith de sheachtar fliúiteadóirí ag seinm freisin agus casfaidh Aoife cúpla port le grúpa fidléirí ón áit, grúpa a thugann na Roscommon Rascals orthu féin. Téann Aoife sa tóir ar Thurlough O'Carolan agus rachaidh sí ag cartadh trí stair Ráth Cruachan agus mianaigh guail na hAirgní.