Home / Series / An Diabhal Inti / Aired Order /

All Seasons

Season 1

  • S01E01 Witch of Youghal

    • March 8, 2022
    • TG4

    Sa chéad clár den tsraith insítear scéal bheirt bhan in Éirinn a ndearnadh géarleanúint orthu mar gur cuireadh ina leith gur 'witches' a bhí iontu. Bhí amhras i gCill Chainnigh gur mharaigh Alice Kyteler a fear céile agus an tEaspag cinnte go raibh sí i bpáirt leis an diabhal. D'imigh Alice ar a teitheadh ach bhí drochdheireadh ag a cailín aimsire Petronella de Meath. Na céadta bliain ina dhiaidh sin in Eochaill, cuirtear i leith Florence Newton gur chuir sí Mary Longdon faoi gheasa. Cuirtear Florence ar a triail ar chúiseanna asarlaíochta agus tugtar an 'Witch of Youghal' ó shin uirthi.

  • S01E02 Goody Glover

    • March 15, 2022
    • TG4

    Sa dara clár, inseofar scéal 'Goody' Glover, bean as Éirinn a bhí ar deoraíocht i mBostún in aimsir na Piúratánaigh. Bhí na géarleanúintí ag scaipeadh ón Eoraip go Meiriceá ag an am agus bhí amhras ar na Piúratánaigh faoin gcainteoir dúchais Gaeilge seo a bhí ag obair ina cailín aimsire. Cuireadh asarlaíocht ina leith i ndiaidh di í féin a chosaint agus é ráite go raibh sí ag goid. Fuair sí triail phoiblí agus cuireadh chun báis os comhair an phobail í chun fainic a chur ar bhean ar bith a labhródh amach. Réitigh an cás seo an bealach do thrialacha Salem ceithre bliain ina dhiaidh sin.

  • S01E03 Antrim Woman

    • April 2, 2022
    • TG4

    Cuireadh cúig oiread níos mó daoine chun báis, mná den chuid is mó, in Alban ná in aon áit eile san Eoraip nuair a tosaíodh ag cur asarlaíocht ina leith. De réir mar a scaip na tuairimí seo go tuaisceart na hÉireann bhí bean déirce in Aontroim, nach fios cén t-ainm a bhí uirthi, thíos leis. Cuireadh asarlaíocht i leith na mná seo tar éis di bileog samhaidh a thabhairt do chailín óg mar chúiteamh ar bheoir agus mharaigh drong eaglach í. Insíonn an scéal seo mar a scaipeadh eagla agus eolas míchruinn i bpaimfléid agus i leabhair faoi dheamhaneolaíocht agus asarlaíocht.

  • S01E04 Oileán Mhic Aodha

    • March 29, 2022
    • TG4

    Is in Oileán Mhic Aodha in 1711 a tharla an t-aon olltriail in Éirinn maidir le hasarlaíocht. Cuireadh i leith ochtar ban agus fear amháin gur chuir siad cailín aimsire óg, Mary Dunbar, faoi gheasa. Chreid lonnaitheoirí na hUltaise go mbíodh an diabhal féin ag smúrthacht thart agus cuma mná air. Is baintrí iad na mná a cúisíodh, é sin nó bhí cuma dhamanta orthu, bhíodh siad ag ól agus ag caitheamh, agus ceapadh go raibh siad trodach agus achrannach nuair a rinne siad iarracht iad féin a chosaint.

  • S01E05 Witch Charn Monaidh

    • April 5, 2022
    • TG4

    Scéal Mary Butters, bhí cáil ar Butters i measc a pobail mar gheall gur chleacht sí draíocht na ndaoine. Iarradh uirthi bó a shaoradh ó dhiamhracht agus ní raibh sé i bhfad ina dhiaidh sin go bhfuair triúir bás tobann. An asarlaíocht a bhí ann, nó timpiste, nó an ndearnadh d'aon turas é? Bhí deireadh ag teacht leis na géarleanúintí san Eoraip faoi tráth seo agus rinne an eaglais agus an uasaicme beag is fiú d'eolas osnádúrtha na mná ag déanamh amach nach raibh ann ach piseoga seafóideacha. Ach chreid na daoine go láidir sna piseoga seo go fóill.

  • S01E06 Biddy Early

    • April 12, 2022
    • TG4

    Bhí na géarleanúintí san Eoraip thart le fada nuair a deirtear gur chuir an chléir Chaitliceach i leith Biddy Early, bean feasa as Contae an Chláir, gur 'witch' a bhí inti. Ba annamh a tharla aon ghéarleanúint in Éirinn. Níor tharla ceann ar bith i measc cainteoirí Gaeilge ó tharla go raibh seanchreideamh acu i ndeasghnátha págánacha. Is siombail láidir seasmhach í Biddy fós, ar nós na Caillí agus an Morrígan, a sheas in aghaidh an chultúir a chruthaigh uafás na ngéarleanúintí san Eoraip.